SMgS TV

Nílim in ann SMGS

Posted on 03/15/2017
| 3428 views

Fiseán Seachtaine na Gaeilge 2017

An jab déanta ag daltaí na hidirbhliana agus foireann SMGS an físeán seo a chur le chéile do sheachtain na Gaeilge 2017

Go raibh míle do gach duine a chabhraigh linn an físeán a chur le chéile agus comhghairdeas do na daltaí a scríobh an t-amhrán iontach seo!

Nílim in ann (Taifead déanta ag Garry Mc Carthy - GMC Beats, amhrán scríofa ag daltaí na hidirbhliana)

Cúrfa:
Bíonn sé chomh dian ormsa.
Ní thuigim cad tá ar siúl agam.
Deir siad go mbeidh sé togha,
Ach nílim, nílim in ann.


Véarsa 1:
Gach lá caitfear an seodra a bhaint dínn,
i gconaí ag féachaint ar an gcuma atá orainn.
Máirt amháin, caithimid culaith reatha,
Gach lá eile - na bróga lofa, dubha.
Ní cuirtear an teas fiú ar siúl.
Dar leo, níl ach na lads spóirtiúil.
Má tá na cailíní ag marú na foirne eile,
Ní thabharfaidís riamh é sin faoi deara.

Nílimid anseo chun an tír a athrú,
Scolaíocht cothrom, an rud atá uainn.

Cúrfa

Ní thuigeann na múinteoirí muid
leis an obair ar fad a fhaighimid.
Is cuma leo ach faoi shaol na leabhar,
Cé go bhfuil muid ag dul,as ár meabhair.
Mar sin an féidir libh smaoineamh orainn,
mar tá an chuid ag athrú dúinn.
Obair, obair, obair ó ,mhaidin go hoíche,
Gan chraic is spraoi, riamh is chíoche.

Cúrfa

Ag iarraidh gach rud a cheangail,
Ní féidir liom an dá thrá a fhreastal
Ag dul thart le liosta mór rialacha
iad chomh láidir lena gcuid cumhachta